Sheachtain Na Gaeilige agus Léargas

Sheachtain Na Gaeilige agus Léargas


1 March 2023

Déan Ceiliúradh ar Sheachtain Na Gaeilige ar fud Tionscadail teanga Léargas

Tá an-áthas ar Léargas Seachtain na Gaelige a cheiliúradh in 2023 agus cuid de na tionscadail Ghaeilge iontacha a bhfuil baint acu lenár gcláir a chur ar taispeáint. Mar an Ghníomhaireacht Náisiúnta atá freagrach as cláir ar nós Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach tá a fhios againn cé chomh tábhachtach agus atá scileanna teanga, ní hamháin chun ár gcultúr a cheiliúradh ach freisin chun smaointe a chur in iúl.

“Bhí ról againn tríd an Séala Eorpach Teanga maidir le honóir a thabhairt do shármhaitheas i dteagasc teanga in Éirinn. Ní mór nuálaíocht sa réimse seo a aithint ionas gur féidir le daoine eile a gcuid samplaí a leanúint agus scileanna a oibríonn dóibh a chur i bhfeidhm,” dar le Eli Babei, Oifigeach Tionscnaimh Teangacha Léargas.

Bhí Dympna Barrett, ó Chlub CLG Bhaile na nGallóglach, ar dhuine de bhuaiteoirí an Séala Eorpach Teanga in 2022. Chruthaigh a dtionscadal ar éirigh leis pobal foghlama Gaeilge ar líne le linn dianghlasáil Covid. Trí ranganna Gaeilge seachtainiúla ar líne a óstáil spreagtar foghlaimeoirí óga agus níos sine le dul i ngleic le Gaeilge na hóige nó eolas a chur ar chuid de na bunghnéithe. Mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge thug Dympna faoin méarchlár agus scríobh sí blag gairid ag cur síos ar thábhacht ghrúpa teanga Bhaile na Finne. (Cliceáil anseo chun an nasc a fháil)

Déanann Léargas ceiliúradh ar Lá Eorpach na dTeangacha in Éirinn, a bheidh ar siúl ar 26 Meán Fómhair agus a chuireann úsáid na dteangacha eile chun cinn sa bhaile agus ar scoil. Comhoibrímid go dlúth freisin leis an Lárionad Eorpach um Theangacha Nua-Aimseartha i nGraz na hOstaire. Tá de chúram air seo bealaí nua a aimsiú chun teanga a mhúineadh.

Tá neart inspioráide anseo i measc thionscadail Léargas chun tacú le teangacha beo agus bhain pobail agus scoileanna leas as.

Tá Meánscoil San Nioclás i nGaeltacht Phort Láirge gníomhach i mórán clár de chuid Leargas. In éineacht lena cuid mac léinn, tá cúrsaí trí Ghaeilge á reáchtáil ann a dhéanann iniúchadh ar shaincheisteanna domhanda cosúil le hinbhuanaitheacht, féiniúlacht chultúrtha agus éagsúlacht, gníomhaíocht aeráide, chomh maith le cruthaitheacht agus teicneolaíocht san oideachas trí ealaín.

“Tugann cláir faoi bhainistiú Léargas deis dár ndaltaí foclóir a bhfuil téama inbhuanaitheachta aige a fhorbairt sa Ghaeilge mar aon le ceithre theanga bhreise. Tá iris ar líne i nGaeilge forbartha againn freisin a leagann béim ar an tábhacht a bhaineann le maireachtáil inbhuanaithe agus chuir Erasmus+ ar ár gcumas taisteal ar fud na hEorpa ag roinnt smaointe faoi fhoghlaim teanga,” a mhíníonn Maria Ní Dhonnabháin a mhúineann amharcealaín agus oideachas saoránachta domhanda sa scoil sin i bPhort Láirge.

Roinn Maria blag gairid leis ina mínítear conas is féidir le scoileanna na cláir oideachais éagsúla a chomhtháthú ina gcuraclam.

Tá sé ríthábhachtach tacú le héagsúlacht teanga fiú ag an aois is luaithe agus trí thionscnaimh Eorpacha éagsúla is féidir le múinteoirí ceiliúradh a dhéanamh ar a gcuireann sí ar fáil dúinn. Tá fonn ar leith ar Eli insint do mhúinteoirí faoin bhfoilseachán a foilsíodh le déanaí, Turas Teanga Larga Trasna na hEorpa across Europe, a aistríodh go Gaeilge agus a cuireadh le chéile ag Comhairle na hEorpa. Déanann an acmhainn ildaite seo ceiliúradh ar na 225 teanga dúchais san Eoraip agus tugann sé léargas ar an áit ina labhraítear iad agus an gaol atá eatarthu go léir.

Le linn Seachtain Na Gaelige, tá súil againn go dtógfaidh tú an t-am chun cláir atá á mbainistiú ag Léargas agus an tacaíocht a thugann siad don nGaeilge a iniúchadh.  Seans go mbainfeadh d’eagraíocht tairbhe as na deiseanna seo.

Le tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a dtacaíonn Léargas le foghlaim teanga déan teagmháil le do thoil.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil

Eli Babei

Oifigeach Tionscnaimh Teanga

Email: ebabei@leargas.ie

Tel: (01) 8871223